School: Currach

Location:
Currylaur, Co. Galway
Teacher:
An Bráthair Joachim
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0021, Page 0073

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0021, Page 0073

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Currach
  2. XML Page 0073
  3. XML “Oíche Nollag”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    éigin. Lastar coinnle móra fada agus leagtar ar na fuinneóga iad. Bíonn na fir ag ól leanna agus uisge beatha. Lasann gach duine sa teach coinneal dhó fhéin, agus deirtear an coinneal a mhúchfadh roimh na coinnlí eile, gheibhfadh an duine gur leis é bás roimh aon duine eile sa teach. Ins na h-osbaidéilí a mbíonn a lán páistí cuireann fear sean-éadaigh air, agus gheibheann sé mála agus líonann sé le féiríní é, agus téigheann sé go leabaca na bhpáistí agus bheireann sé féirín do gach páiste. Ceapann siad gurb é Santa Clás atá ann.
    Fágann gach páiste ins na tighthe a stocaí ar crochadh ar a leabaidh go dtiocfaidh Santa Clás le féiríní. Fágtar na fuinneóga ar fhosgailt chun go mbeadh Santa Clás indon teacht isteach.
    Fadó théigheadh na tighearnaí thart le cartaí de féiríní, agus théigheadh siad isteach ins gach tigh agus thugadh siad féirín do gach páiste sa teach. Ní cuirtear an glas ar an doras an oidhche sin, agus fágtar na cathaoireaca thart timcheall na teineadh, mar deirtear go dtagann na daoine atá marbh sa teach ar ais an oidhche sin.
    Bíonn béile breágh againn an oidhche sin. Nuair a bhíos an béile ithte againn deirimíd an Paidrín agus théighimíd a codladh.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. events
      1. events (by time of year) (~11,476)
        1. Christmas (~455)
    Language
    Irish
    Collector
    Proinsias Ó Cearbhaill
    Gender
    Male
    Address
    Corrofin, Co. Galway
    Informant
    Seán Ó Cearbhaill
    Gender
    Male
    Address
    Corrofin, Co. Galway