School: Currach

Location:
Currylaur, Co. Galway
Teacher:
An Bráthair Joachim
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0021, Page 0088

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0021, Page 0088

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Currach
  2. XML Page 0088
  3. XML “Leipreacháin”
  4. XML “Leipreacháin”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    teach níos deasa agus níos áilne ná teach a dhreathár. Bhíodar chomh saidhbhir sin is go raibh cailíní agus gasúir ag obhair agus iad ag dul thart timcheall na tíre in a ngluaisteán. Lá amháin bhí ortha féile a dhéanamh, agus bhí daoine ó Baile Átha Cliath ag teacht síos go dtí an féile, agus thóg an bhean teach Samhraidh sa lios na leipreachán. Nuair a bhí an teach déanta acha tháinich an leipreachán agus dubhairt sé leis an bhfear "Nár dhúbhairt mé leat gan aon rud a dhéanamh ar mo lios. Annsin thuit an teach Shamhraidh agus nuair [!]
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Bhí fear in a chomhnuidhe i dteach beag uair amháin. Bhí sé ina shiúnéar. Gheibheadh sé airgead agus chaitheadh sé é. Oidhche amháin bhí sé ar chuart. Chuala sé go raibh leipreachán sa lios. Chuala sé go bhfaca fear an leipreachán ach thóg sé a shúl de agus chuaidh sé.
    Oidhche amháin timcheall a h-aon déag a chlog, chuaidh sé go dtí an lios, agus chuaidh sé ar thóir an leipreacháin ach níor fhéad sé é a fhagháil. Bhí sé ag dul abhaile annsin agus díreach san am sin chuala sé an leipreachán fé sgáth na gcrann. Bhí 'tic tic' ar a bhróig aige. Chuaidh an fear go dtí é. D'iarr sé ar an leipreachán pota óir a thabhairt dhó. Dubhairt an leipreachán go raibh an pota óir ar bun an crainn áird sin. Chuaidh an fear abhaile go bhfuigheadh sé laidhe. Tháinic an fear agus thosuigh sé ag ar thóir an pota óir. Tar éis tamaill chonnaic sé bosca beag. Cheap sé go raibh óir ins an mbosca, ach nuair a d'fhoschail sé é bhí cheap agus casúr istigh ann. Bhí fearg air an fear annsin agus chonnaic sé páipéar agus bhí sgríobhtha ar "Déan do obair go maith." Rinne sé a obair go maith agus tar éis tamaill bhí a lán airgid aige.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
        1. leprechauns (~1,007)
    Language
    English
    Collector
    Seán de Búrca
    Gender
    Male
    Address
    Curry Eighter, Co. Galway
    Informant
    Pádraig de Búrca
    Gender
    Male
    Address
    Curry Eighter, Co. Galway