Scoil: Caiseal (2) (uimhir rolla 15393)
- Suíomh:
- An Caiseal, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Seán Ó Domhnaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Caiseal (2)
- XML Leathanach 468
- XML “Aimsir na Géarleanúna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- I gcul chnuic Baile-thaobh-Rúsgaidh tá áit a ba ghnathach leis na daoine a dul un Aifrinn Dia Domhnaig san tsean-am.
Domnach amáin, nuair a bhí na daoine uilig cruinn ag an Aifreann tháinig cuid saiduirí na Sasan ortha agus mharbh cuid mhait de na daoine a bhí cruinn ann. Bhí sean-bhean amáin a fuair ar siubhal agus chuaid sí síos bealach na farraige agus d'fholuigh sí ins na carraicheache sios ag taobh an farrige agus bhí sí beo sios annsin go cionn fada ar bhiadhach tráighe. Ach ní leigeadh an eagla dí a theacht na bhaile ar eagla go muirfidhe í nó bhí dlighthe na Sasana go fíor-olc san am i n-eadán an Chreidimh
Fiche bhlian ó shón nuair a bhí siad ag deanamh an chasáin isteach go Port-na-Luing' tháinig siad ar cloigne agus cramha daoine ins an aith sin. Nuair a shéideadh an ghaoth an gainimh le aimsir thirim ba ghnathach leis na daoine giotaí de ribí gruaige agus giotaí de Chorneacha Mhuire a fhághail na luighe sa ghainimh.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Doiminic Mac Congáile
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Fál Aonaosa, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Padrúig Mac Congáile
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Fál Aonaosa, Co. Dhún na nGall