Scoil: Caiseal (2) (uimhir rolla 15393)
- Suíomh:
- An Caiseal, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Seán Ó Domhnaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Déirigh an oidhche iongantach dorcha agus thoisigh an ghaoth a shéideadh agus a phlughadh sneachta agus chaill siad a mbealach a's ní thiochfadh leobhtha teach soluis Fhanaide a fheiceal le iad a shabhail ar na carraigeacha. Amuigh a's astoigh ar an do-dhéag o'chlog, chuaidh sí ar an carraig a bhfuil an "tSulaighe Bheag" uirthí, cailleadh na trí chead uilig ach fear amháin. Sheasuigh sé an léan uilig agus shnámh go dtí'n talamh. Bhí droch am ann san am sin ní rabh a dhath bidh le fághail, bhí ach'an rud gan. Ach bhí go leor itheachan agus ólachan ar an luing. Sa deireadh thoisigh sé uilig a theacht isteach le gaoith anoir adtuaidh. Bhí eagla ortha go ndéanfadh an fear a tháinig isteach sgéal fa dtaobh de. Chuir siad a mharcaigheacht ar bhá óg é nach rabh an nduine mharcaigheacht ariamh air, cheangail siad é, agus thoinnthigh siad a aghaidh le riobal an bheathaigh. Chuir siad sealbhán madaí ann san bhá, agus ar siubhal fríd na cnuic leo. Sasannach a bhí ann agus marbhughadh é mar sin. Fuair muinntir na h-áite go leór bidh agud dighe annsin. Ar an 30adh de Mhí na Nodlag sa bhliadhain 1811 a tharlaigh seo uilig, tamall maith ina dhiaidh sin fuarthas cuid mhór de na cuirp thall agus i bhfos.
- Faisnéiseoir
- Tomás Ó Colla
- Inscne
- Fireann