Scoil: Caiseal (2) (uimhir rolla 15393)

Suíomh:
An Caiseal, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Seán Ó Domhnaill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1091, Leathanach 370

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1091, Leathanach 370

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Caiseal (2)
  2. XML Leathanach 370
  3. XML “Ambhros ó Siadhail”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    sé leis go rabh nóin agus deireadh an lae ann, an ghrián ag dul síos agus an ghealach ag teacht aníos agus éanacha aeir a'dhul fá shuaimhneas.
    Casadh fear ar an bhealach mhór air a' marcuigheacht i ndiallaidh. Bheannuigh sé don fhear agus bheannuigh an fear dó. D'fhiafruigh an fear de: "Cá fhad a shiubhail tú nó cé thú fhéin". "Ambhros Ó Siadhail m'ainm agus mo shloinneadh, agus tá mé ar shiubhal le trí lá agus dhá oidhche ag cuartadh seirbhíse". Rinne an fear é a fhastadh annsin agus sé an "margal" a rinne siad mur' dtaitneochadh sé leis an mheigistir chaithfeadh a thuarastal a thabhairt dó agus é a chur ar shiubhal agus mur dtaitneochadh an meigistir le h-Ambhros chaithfeadh Ambhros an bhliadhain a chur isteach gan dadaidh.
    Shiubhail siad leobhtha annsin na bhaile agus nuair a thainic siad 'un tighe d'iarr an meighistir ar an chailin a shuipear a thabhairt do Ambhros mar go rabh ocras air. Bhí cúig buachaillí eile acu agus bhí a suipear réidh ar a' scálla. D'fhág sí ar an tábla é agus thug sí bainne dó. D'ól sé a rabh ar an scalla. Chuaidh an cailin chuig an mheighistrer agus d'inis sí duithe go rabh sé uilig ólta aige. Annsin d'iarr an meighistrer ar an chailin rádh leis go m'bféidir nach rabh a sháith aige agus go rabh tuille sa phota agus an pota a thabhairt chuige. Rinne an cailin sin agus sgríob sé a rabh 'sa phota.
    D'iarr an maighistrear ar an chailin annsin suipear na mbuachaillí eile a dheánamh go gasta: rinne sí sin agus thainig na buachaillí isteach agus rinne siad a
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0650**: The Strong Youth
    AT1000: Bargain Not to Become Angry
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Seán Ó Domhnaill
    Inscne
    Fireann
    Faisnéiseoir
    Pádraig Ó Colla
    Inscne
    Fireann
    Aois
    74
    Seoladh
    An Seisíoch, Co. Dhún na nGall