Scoil: An Gleann (uimhir rolla 14277)
- Suíomh:
- An Gleann, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Séamus Ó Domhnaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Gleann
- XML Leathanach 89
- XML “Seanscéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Lá amháin in a dhiaidh sin bhí an mháthair ag siubhal i gcoill. Bhí an mac ar shiubhal ag seilg. Tháinig an mháthair fhad le caislean. Chuaidh sí isteach agus thoisigh a dheánamh réidh béile dí féin agus d’a mac. Ní rabh an béile réidh aici nuair a tháinig fáthach mór isteach. Leig sé béic as féin agus chuir ceist uirthi caidé thug uirthi theacht isteach in a chaisleánsa
D’innis sí dó nach rabh aici ach an mac amháin agus nach rabh teach ar bith dá gcuid féin aca. D’fhiafruigh sé duithe caidé’n cineál fir a bhí san mhac. Dubhairt sise gur fear an-láidir a bhí ann agus d’innis sé dó fá’n chlaidheamh a fuair sé.
Dubhairt an fáthach nuair nach rabh seisean abalta an mac a chur ‘un báis ag troid leis go bhfuigheadh sé dóigh éigin lé deireadh a chur leis agus annsin go mbéadh an caisleán ag an bheirt aca dóbhtha féin nó go bpósfadh sé an bhean.
Diarr sé ar an mháthair colleach a mharbhughadh agus nuair a thigeadh an mac abhaile braon dé’n fhuil a chur in a béal agus rádh gur sin an chead deór dé fhuil a croidhe agus muna bfuigheadh sí braon uisce as tobar a bhí san domhain thoir go gcaithfidh sí amach an deór dheireannach. Rinne sí sin.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Eithne Ní Cheallaigh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Toam, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Cathal Ua Ceallaigh
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 70
- Seoladh
- Toam, Co. Dhún na nGall