Scoil: An Gleann (uimhir rolla 14277)

Suíomh:
An Gleann, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Séamus Ó Domhnaill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1080, Leathanach 85

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1080, Leathanach 85

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Gleann
  2. XML Leathanach 85
  3. XML “Na Fianna”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Nuair a bhí na Fianna beó i n-Éirinn bhíodh siad ag seilg go minic thart fá'n áit seo. Uair amháin bhí fear de na Fianna na sheasamh ar Mucais agus chaith sé cloch aniar go cnoc Leargain. Deir na daoine fosta gur chaith fear eile de na Fianna cloch ó na h-Ardai go cnoc Leargain. Tá fear de na Fianna curtha ar an cnoc seo fosta agus tá ór faoi, Is ó fear de na Fianna darbh ainm Goll Mac Morna a fuair an raoroisce seo, Ros Guill, mar h-ainm. Seo mar thárla sé.
    Uair amháin thuit Fionn agus Goll amach agus b'eigin do Goll teicheadh ar eagla roimhe Fionn. Lean Fionn é. Nuair a tháinig Goll fhad leis an fhairrge chonnaic sé carraig amuigh ar oilean san fhairrge. Chuaidh sé amach agus chuaidh sé I bhfolach I gcúl na carraige. Nuair a tháinig Fionn fhad leis an fhairrge cha dtiocfadh leis Goll a fheiceáil I n-áit ar bith. Bhí órxóg ghreannmhar ag Fionn agus nuair a chuireadh sé an ôrdóg I na bhéal thchiodh sé achan rud thart fá dtaobh de. Chuir sé an órdóg i na bhéal agus chonnaic sé Goll amuigh ar an oileán. Chuaidh sé amach agus mharbh sé Goll. Thug na daoine Carraig Goll ar an carraig sin agus thug siad Ros-Goll ar an raoroisce seo
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
        1. Fianna (~595)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máighréad Haimlet
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Carn na nGabhar, Co. Dhún na nGall
    Faisnéiseoir
    Máighréad Bean Mhic Lochlainn
    Gaol
    Seantuismitheoir
    Inscne
    Baineann
    Aois
    75
    Seoladh
    Carn na nGabhar, Co. Dhún na nGall