Scoil: An Gleann (uimhir rolla 14277)

Suíomh:
An Gleann, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Séamus Ó Domhnaill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1080, Leathanach 79

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1080, Leathanach 79

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Gleann
  2. XML Leathanach 79
  3. XML “Na Tiarnaí Talún”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Na Tighearnaí Talmhan.
    An Tighearna talmhan a bhí ar an cheanntar seo bhí sé ag cur na ndaoine as na tighthe. Bhí culaith iarainn air ar eagla go sgaoileadh é. Bhí sé ag iarraidh na daoine a chur amach as Tuaim agus an áit a beith aige fá choinne eallaigh. Cuir sé fear darb’ ainm Séamús Ua Gallchobhair as a theach agus chuir sé cuid mhór eallach ar an fheirm.
    Thainig fir ar lá amháin agus sgaoil siad urchair leis acht níor mharbh siad é. Acht lean siad é agus bheir siad air. Bhuail siad ar an cheann é leis an ghunna agus marbh siad é ins an bhliadhain 1878 sin tuairims ar seasda bliadhain ó shoin. Bhí fear eile leis agus mharbh siad éisean fosta agus Caitliceach a bhí ann. Iarla Liathdroma an t-ainm a bhí ar an Tighearna talmhan seo.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. áit-spás-timpeallacht
      1. riaradh talún (~4,110)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máighréad Haimlet
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Carn na nGabhar, Co. Dhún na nGall
    Faisnéiseoir
    Máighréad Bean Mhic Lochlainn
    Gaol
    Seantuismitheoir
    Inscne
    Baineann
    Aois
    75
    Seoladh
    Carn na nGabhar, Co. Dhún na nGall