Scoil: An Gleann (uimhir rolla 14277)
- Suíomh:
- An Gleann, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Séamus Ó Domhnaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Gleann
- XML Leathanach 71
- XML “Scéal fá Cholm Cille”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- La amhain bhí Colmcille i mbaile i dTir Conaill. Chruinnigh muinntir an bhaile thart air agus thoisigh Colmcille ag innse gach rud dobhtha fa Dhia.D'éist siad go módhamhail leis ar dtús agus indiaidh talaill tamaill thoisgh siad ag gaire agus ag magadh faoi agus dubhairt siad nach rabh ann acht amadán. Stad an Naomh annsin agus dubhairt sé nach mbéadh an baile sin gan amadán nios mo. Agus is fíor an focal a dubhairt sé. Siubhail sé leis annsin.
Scéal eile fá CholmcilleBhí Éach Bhán I gCul Buidhe uair amháin agus dubhairt Colmcille go mbéadh Each bhán i gomhnuidhe i gCul Buidhe. An fear ar leis an t-Each Bhan bhí dhá capall aige agus dhíol sé an t-Éach Bhán ag iarraidh breágoír a dheanamh de Colmcille. Acht nuair a tháinig sé abhaile bhí searrach a rabh dáth bhan air ag an capall eile a d'fhág sé sa baile. Agus ariamh o shoin tá éach bhán i gCul Buidhe.
Sceal fá Chloich ColmcilleTá cloch i dToraigh agus Cloch Colmcille an t-ainm atá air. Nuair a bhí Colmcille ag fágail Toraigh uair amhaín bheannaigh se cloch agus ó'n am sin duine ar bith a dhéanfaí (?)(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Cáit Ní Bhuidhe
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Glengillagrana High, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Cáit Bean Uí Bhuidhe
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 73
- Seoladh
- Largantrean, Co. Dhún na nGall