Scoil: An Gleann (uimhir rolla 14277)

Suíomh:
An Gleann, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Séamus Ó Domhnaill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1080, Leathanach 25

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1080, Leathanach 25

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Gleann
  2. XML Leathanach 25
  3. XML “Scéal fá na Péindlithe”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Sceal fa na Pein-dlighthe.
    Bhí sagart ann uair amháin darbh’ ainm an t-Athair Mac Seaghain. Thainig se as Gartain agus bhí sé ar a [seachadh]? sa Pharaoiste seo.
    Lá amháin i lár an t-Samraidh bhí sé ag léigheamh an Aifrinn i gcul a’ Dun. Bhí daoine ar mhullach gach sléibh ag coimhead an eagla go dtiocfadh an tóir ionnus go mbiodh faill ag an sagart fághail ar shiubhal.
    Tainig an tóir sul a rabh an t-Aifreann críochnuighthe agus b’eigin do’n sagart téicheadh. Thaing sé fhad le teach i nGleanniartach agus bhí búnóg áráin coirce ag an bhean cois na teineadh agus d’iarr sé giota uaithe ach dubhairt sí go rabh taobh ámhain bruighte agus cha rabh an taobh eile.
    Dubhairt an sagart go dtabhairfeadh sé a mallacht do dhuine ar bith a thionntachadh an t-arán gan e a thionntuigh bun os cionn. Ach sul a rabh t-arain bruighte thainig an toir air. Nuair a thainig sé go dtí ‘n teach bhain sé de a bróga agus ca rabh faill aige ac an bróg amháin a cur air. Rith se an mead as bhí ann a chorp gur bhain sé an Gleann Árd amach Thug siad-san a gcuid do agus chuaidh leis agus d’fhág siad é i dTulac. Nuair a bhí siad ag imteacht uadh indiaidh e a fhágail i dTulach chuaidh sé ar a glúnaibh agus ghuidh se go mbéadh fir mhaith i gcomhnuiudhe ar an Gleann Árd.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Cait Ní Bhuidhe
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Glengillagrana High, Co. Dhún na nGall
    Faisnéiseoir
    Pádraig Ua Buidhe
    Inscne
    Fireann
    Aois
    85
    Seoladh
    Largantrean, Co. Dhún na nGall