Scoil: An Gleann (uimhir rolla 14277)

Suíomh:
An Gleann, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Séamus Ó Domhnaill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1080, Leathanach 153

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1080, Leathanach 153

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Gleann
  2. XML Leathanach 153
  3. XML “Na Féilí”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Sé seo cuid de na nosannai atá ag na daoine thart fa seo ar na féili. An céad ceann Lá Fhéil Brighde. Siad na nosannaí a bhíos aca an lá sin bionn bruitín aca ag an dinnéar. Ins an tráthnóna a bíos an dinnear aca an lá sin. Bíonn arán coirce leis an bruitín fosta. Annsin nuair a bíonn an bruitín thart téigheann fear an toighe amach agus bainn sé na feaghacha agus ag tuitim na h-oidhche na h-oidhche ma bhionn cailín sa teaghlach darbh'ainm Brighid téigheann sí amach agus tógann sí na fiaghacha agus deiridh sí taobh amuigh de 'n doras "Téidhigig ar bhur nglúnaibh fosglagaidh bhur súile agus leigigidh Brighid isteach". Deireann na daoine taobh istuigh "sé do Bheatha" agus deirtear sin trí theit. Fágtar brat dearg taobh amuigh os ceann an doras an oidhche sin fósta agus ghní siad crosannaí de na fiaghacha.

    An dara féile Oidhche Shamhna. Bíonn feasta mor ag na paiste an oidhche sin. An dara féile Oidhche Shamhna fosta bíonn ubhlaí agus cnothannaí ag na paiste. Sé an nós atá aca ubhall a chuir i dtuban uisce agus bíonn na paiste uilig thart fad dtaobh de ag iarraidh greime a bhainnt as an ubhall le na mbéalaibh. Cha bhíonn feasta ar bith ag na daoine móra an oidhche sin. An oidhche indhiaidh sin sul a dteigheann na daoine a luighe fágann siad caoithreacha thart fa' teinidh agus cuireann siad síos teine mór no deirtear na daoine a fuair bás sa teach go dtigeann siad aráis an oidhche sin. An
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Cáit Ní Bhuidhe
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Glengillagrana High, Co. Dhún na nGall
    Faisnéiseoir
    Cáit Bean Uí Bhuidhe
    Inscne
    Baineann
    Aois
    73
    Seoladh
    Kill, Co. Dhún na nGall