Scoil: An Gleann (uimhir rolla 14277)
- Suíomh:
- An Gleann, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Séamus Ó Domhnaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Gleann
- XML Leathanach 122
- XML “Seanscéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)cheird aige go maith. Dubhairt sé annsin “Muna n-goidseann sé an bhraithlín as fuam-sa anocht agus mo bhean na luighe sa leabaidh agus gunna lódáilte agamsa le caithfeadh leis má tchíom é ní thig rádh go bhfuil an cheird go h-iomlán aige”.
An tráthnóna sin chuaidh Seán go dtí’n roilic agus thóg corp a bhítear indiaidh a chur.
I lár na h-oidhche fuair sé an corp agus chuir é na sheasamh le fuinneóig an fhir uasal. Chaith an fear uasal an gunna agus thuit an corp. Annsin chuaidh sé amach leis an chorp a chur ar shiubhal. Nuair a chuaidh sé amach tháinig Seán isteach, agus chuaidh isteach ‘na leabtha. Dubhairt sé leis an bhean go rabh sé ag cur agus go rachadh sé amach nuair a dheánfadh sé [eirthibh.]? Thoisigh Seán ag obair leis an bhraithlín go bhfuair sé í a thabhairt leis. Ar siubhal leis annsin.
Nuair a tháinig an fear uasal isteach agus an bhraithlín ar shiubhal arsa seisean “Tchíom tciom” tá an gaduidhe beo go fóill.
Dubhairt an fear uasal annsin go gcaithfeadh Seán cleas a imirt ar an mhinistear. Dubhairt Seán nach mbéadh sé(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Eithne Ní Cheallaigh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Toam, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Pádhraig Ua Gallchobhair
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 80
- Faisnéiseoir
- Sedhbha Nic Daibhidh
- Inscne
- Baineann