School: Doire Chasáin (roll number 15239)
- Location:
- Doire Chasáin, Co. Dhún na nGall
- Teachers: Tomás Mac Fhionghaile Brighid Ní Cheallaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Doire Chasáin
- XML Page 200
- XML “Pósaithe”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Pósáidhthe.Ní phósfadh duine ar bíth i mí na Bealtaine i bhfad o shoin mar go rabh an mhí sin mí-adhbarach. Bhíodh na daoine ag déanamh cuid mhór cleamhnais. Nuair a phósadh daoine, béarfad lucht na bainse cupáin, plátaí, troscán toighe, im, uibheacha, agus muic fheoil, dobhtha mar pronntanas. Ins an oidhche a phósadh iad agus béadh muinntir na tuaithe uilig leobhtha. Bhéadh fear ina neasc agus buideál uisge beatha leis. D’ólfadh gach duine braon dé’n uisge bheatha, agus bhéadh siad uilig ólta. Bhéidh an bhríghdéog agus an fear comh h-ólta sin agus nach mbéadh siad ábalta na focla a rádh indiaidh an t-sagairt. Ní chritheadh an bhríghdeóg a dath glas mar go rabh sé mí-adhbharach. Is iomdha uair a goideadh an bhríghdeóg. Ní éadach geal a bhéadh ar an bhríghdeóg an t-am sin mar atá anois. Mhairfeadh an bainis cupla lá agus bhéadh gach duine ann ag déanamh gach uile cineáil spóirt agus aoibhneas. Bheadh féasta mhór réidh do gach agus d’itheadh siad a sáith. Ní bhéadh duine ar bíth ábalta a dhath a dheánamh bheadh siad comh claoidhte sin indiaidh an bhainis. Bheadh cuid acu comh ólta sin agus go mbéadh siad ag cur troda ar lucht na bainse. Bhéadh siad ag briseadh fuinneogaí an toighe agus ag cáitheamh cloch ar an teach.(continues on next page)
- Collector
- Gráinne Ní Dochartaigh
- Gender
- Female
- Address
- Dumhaigh, Co. Dhún na nGall
- Informant
- Seán Mac Pháidín
- Gender
- Male
- Age
- 67
- Address
- Dumhaigh, Co. Dhún na nGall