School: Doire Chasáin (roll number 15239)

Location:
Derrycassan, Co. Donegal
Teacher:
Tomás Mac Fhionghaile, Brighid Ní Cheallaigh

Filter stories

Back
/ 312 Forward
Resolution: Low | High
Doire Chasáin | The Schools’ Collection

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1078, Page 248

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

(continued from previous page)

248

Sean Mac Páidín,
Dumaig,
Na Dúnaib,
Tír Conaill.
Ta an fear seo 60 bliadain. Fuair sé an scéal ó na athair sa'n bliadain 1914.

Toibreacha beannuithe.

An tobar a bhfuil eolas agam sa air is é an do ceann is deise dúinn. Tobar maith atá ann mar tá léigheaseanna maith ann. Téigeann daoine ar cuairt go dtí an tobar sin ins an t-Samhradh. Nuair a théigheann siad fhad leis ábrann siad páidir agus téigheann siad thart air trí h-uaire. Annsin ólann siad braon uisge as agus beireann siad braon leóbhtha na’ bhaile de’n uisge fosta. Nuair a bhíonn tú ag gabhail thart air caithfidh tú dó bhróga agus dó stocaí a bhaint díoc. Caithfidh tú rud éiginteacht a fhághailt dó dhiaidh ann, nuair a bhíonn tú ag teacht ‘na’ bhaile. Má théigheann tú bacach go dtí an tobar agus bata leat caithfidh tú an bata a fhághailt dó dhiaidh ann. Is iomdha duine a chuaidh go dtí é nach rabh ábalta siubhal ann agus a bhí ábalta siubhal as. Níl sé sa’n Pharóiste seo acht tá sé suas i bpáirc mhór i bparóiste an Tearmain. Tobar an Dúin an t-ainm atá air mar go rabh Dún fá ghiota de. Tá teach phobal beag fá ghiota de agus téigheann na daoine a théigheann go dtí an tobar isteacxh ann fosta. Téigheann cuid mhór daoine ann a

(continues on next page)
Collector
Eamonn Mac Laithbeartaigh
Gender
male
Address
Downies, Co. Donegal
Informant
Donnchadh Mac Laithbeartaigh
Gender
male
Age
60
Address
Downies, Co. Donegal
Language
Irish