An tobar beannuithe is deise dúinne sé tobar an Duin. Téigeann sgaiste mór daoine annsin gach bliadhain agus fanann siad ann dhá lá no trí lá. Téidheann daoine ann a mbíonn galair de gac seórt ortha agus caitheann siad an t-uisge trí h-uaire ortha féin. Annsin nuair a bhíonn siad ag faghail, fágann siad airgead na luighe ag taoibh an tobar. Annsin i gcionn dhá lá no mar sin toisigheann siad a fhaghail biseach agus dó réir a chéile gheoibheann siad amach as aqn ghalar a bhíonn ortha. Téidheann daoine a bhíonn bacach agus a bhíonn a gcuid sgiathan nimhneach go dtí tobar an Dúin gach bliadhain agus fágann siad airgead na luighe ag taoibh an tobar le iad biseach a fhághail. Nuair a bhíonn daoine as seo ag gabhail go dtí tobar an Dúin bheireann siad leobhtha gluaisteán agus fanann siad ag taoibh an tobair ag guidhe agus agus déanamh trosgaidh. Nuair a théidheann tú suas go`dtí an tobar tchíonn tú cuid mhór daoine annsin, agus bíonn gach cíneál aicidheacha ar na daoine sin. Bíonn siad ar a gcuid glún agus bíonn (Conoir) Coroin Mhuire leobhtha agus fanann siad annsin, cuid aca trí lá agus cuid eile ceithre lá.
(continues on next page)
Transcribed by a member of our volunteer transcription project. History |
Edit »