School: Doire Chasáin (roll number 15239)

Location:
Doire Chasáin, Co. Donegal
Teachers:
Tomás Mac Fhionghaile Brighid Ní Cheallaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1078, Page 184

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1078, Page 184

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Doire Chasáin
  2. XML Page 184
  3. XML “An Sionnach agus an Cat”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. An sionnach agus an cat.
    Lá amháin casadh sionnach agus cat ar a chéille ag imeall coilleadh. Bhí an beirt acu ar shiubhail ar sheachnadh fríd na cnuic agus fríd na coillte. Sheasuigh an bheirt acu annsin ar feadh uaire. Annsin d’fhiafruigh an sionnach dó’n chat an rabh morán cleasanna aige le h-imtheacht. Dubhairt an cat nach rabh aige, acht cleas amháin a d’innis a mháthair dó nuair a bhí sé óg. Annsin thoisigh an sionnach a gháiridhe, agus dubhairt sé leis an chat go rabh fíche cleas aige féin. Le sin mar buailfeá dó da bhois ar a chéile tháinig an námhaid isteach bárr an chnuic. Tháinig an namháid ní ba dheise dóbhta agus leis sin d’imthigh an sionnach i n-áirde agus d’fág sé an cat gan innse dó go rabh siad ag teacht. Shíl an sionnach go bhfuigheadh siad greim ar an chat agus nach bhfuigheadh air féin. Annsin ríth an cat suas i gcrann agus ní fhacaidh an namhaid. Rinne an sionnach gach cleas da rabh aige acht beireadh air indiaidh an iomláin. Mar sin tcí muid gur bhfhéarr cleas maith amháin na fíche droch chleas.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. animal-lore (~1,185)
        1. foxes (~151)
    Folktales index
    AT0105: The Cat's Only Trick
    Language
    Irish
    Collector
    Éamonn Mac Laithbheartaigh
    Gender
    Male
    Address
    Na Dúnaibh, Co. Donegal
    Informant
    Donnchadh Mac Laithbheartaigh
    Gender
    Male
    Age
    76
    Address
    Na Dúnaibh, Co. Donegal