School: Doire Chasáin (roll number 15239)

Location:
Doire Chasáin, Co. Donegal
Teachers:
Tomás Mac Fhionghaile Brighid Ní Cheallaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1078, Page 180

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1078, Page 180

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Doire Chasáin
  2. XML Page 180
  3. XML “An Doineann”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Ar an seachtmadh lá de Dheireadh Fóghmhair ins an bhliadhain 1839 tharluigh an doineann a ba mhó adeir na seandaoine a tharluigh roimhe sin nó ó shoin. Bhí an fhairrge iongantacht garbh agus fosta bhí sé iongantach dubh. Briseadh suas le sgór bádaí móra a bhí ina luighe annseo agus annsiud fá'n chladaigh. Ar maidin le bánughadh an lae lá thar na bhárach nuair a chuaidh na h-iasgairí síos go dtí an chladach fuair siad a gcuid bádaí ina luighe annseo agus annsiud thart ar an chladach agus iad uilig briste ina mhion ghíotaí. An oidhche cheadna sin bhí trí curraigh amuigh s'an fhairrge agus nuair a chonnaic na fir thart f'an chladach na curraigh amuigh fuair siad dhá bhád agus chuaidh dhá chloigeann déag fear amach leis na curraigh a thabhairt i dtír. Níor luaithe a bhí siad amuigh na thoisigh na tonnracha ag bualadh in éadan na mbádaí agus nuair shroich siad beirt de na curraigh chuaidh triúr fear iarracht in gach bád agus níor luaithe a bhí siad istoigh ins na bádaí na d'éirigh na tonntracha an airde o's cionn na gcurraigh agus i ndiaidh am fada ag streacháilt fríd na tonntracha. Bhí na fir iongantacht lag agus b'éigean dobhtha tabhairt suas agus báitheadh
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. processes and phenomena
      1. severe weather (~1,727)
    Language
    Irish
    Collector
    Gráinne Ní Ghallcobhair
    Gender
    Female
    Address
    Doire Chasáin, Co. Donegal
    Informant
    Séamus Ó Gallcobhair
    Gender
    Male
    Age
    73
    Address
    Doire Chasáin, Co. Donegal