Scoil: Más an Easa (B.) (uimhir rolla 14775)
- Suíomh:
- Más an Easa, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Prionnseas Mac Carraigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Más an Easa (B.)
- XML Leathanach 203
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal) (ar lean)
“Bhí Rí ann am amháin agus bhí mac amháin aige...”
(ar lean ón leathanach roimhe)in a n-ucht.
Bhí an bhean-uasal bainte annsin agus bhí baineas acú a mhair lá agus bliadhain, agus b’fearr an lá deireannach ná an chéad lá.
Fhad is bhí an bhaineas ag dul ar aghaidh cha rabh Jack in a dtost.,
D’imthigh sé agus bhain sé seacht mbailtín cuilinn, agus nuair a bhí an bhaineas thart tharraing sé buille de’n bhailtín uirthi agus steall sé diabhal amach aistí. Tharraing sé buille eile uirthi, agus steall sé diabhal eile amach aisti, agus le sgéal fada a dheánamh goirid steall sé seacht ndiabhail amach aistí.
D’fhan Jack acú lá agus bliadhain agus bhí achán seóirt pleisiúrdha acú. Dubhairt mac an Ríogh go gcaithfidh sé dhul na bhaile go bhfeicfidh sé a athair agus a mháthair agus fuair sé cóiste agus ceithre gearrain bána agus tharraing sé ar a bhaile. Thug siad Jack leobhtha.
Nuair a thainig siad fhad leis an áit in a rabh an corramh ag streachait aníar agus síar d’iarr Jack ar an choiste a “stapadh” “Anois” adeir sé(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Frank Mc Carry
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Mrs Anne Sheils
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 74
- Seoladh
- An Caiseal Mór, Co. Dhún na nGall