Scoil: Más an Easa (B.) (uimhir rolla 14775)
- Suíomh:
- Más an Easa, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Prionnseas Mac Carraigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Más an Easa (B.)
- XML Leathanach 154
- XML “Na Píobairí”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)agus bhí seisean i n-a shagairt, acht ní rabh fhios aici cá h-áit a rabh baint faoi.Cá rabh gleas aici a dhul a amharc air acht a dhul thart le marc an lán-mara.Shiubhal sí léithe agus bhí sí ag siubhal lá agus bliadhain da chuartughadh. Cuaidh sí isteach i dteach oidhche amháín agus d'iarr sí lóisdín. Dubhairt daoine an toighe go bhfuigheadh, acht bhí siadsan ag dul chun faire.
"Rachaidh mise leat fosta," ars sise.
"Is fearr duit gan a dhul nó is é an sagart atá marbh, agus b'feídir nach bfhuil feím ar bith do dhuine bhocht annsin" arsa siadsan.
"Rachaidh mé libh an chéad ar bith" arsa sise.Nuair a chuaidh siad isteach, bhí achán dhuine ag amharc ar chorp an t-sagairt. Sheasuigh sise i gcúl an dorais, agus char dhubhairt sí a dhath. Nuair a fuair sí achán rud socair chuaidh sí suas, agus chuir sí an téadach síos de'n sagart.Annsin thainig bean i n-a rith uirthí, fuair sí gréím uirthí, agus chaith sí síos ar an urlár í, acht chár dhubhairt an bhean bhocht a dháth. Nuair a bhfuair sí faill, chuaidh sí chuig an leabaidh arais, acht chaith siad síos í ar an urlár- Bailitheoir
- Frank Mc Carry
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Teacher (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Faisnéiseoir
- Mrs Anne Sheils
- Inscne
- Baineann