School: Gleann Sál (roll number 12627)
- Location:
- Gleann Sál, Co. Mhaigh Eo
- Teacher: P. Ó Ceithearnaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Monomhar dearfaidh mise leis nach bhfuil tú sa mbhaile; níor bhfada go dtáinigh Monomhar.
Ní raibh mórán fáilte ar bith roimhe. Nuair a tháinigh sé isteach an doras bhí bean Fhinn sgannruighthe. Shíl sí go marbóchadh sé í fhéin.
Fear árd dubh do b'eadh é bhí mála ar a dhruim aighe. D'fheach sé síos ar an gclíabhán agus d'fhiarfhuigh sé dhí céard a bhí san gclíabhán aicí. Shin é mo mhac adeir sí. Chuaidh sé go dtí é. Chuir a lamh síos go bhfeicfeadh sé é. D'fhosgail sé a bhéal agus bhain sé an mhéar go Mhonomhar.
Léim Monomhar suas chuir sé straois air fhéin. D'ar m'anam adeir sé má tá fir na h-Éireann chomh droch-mhúinte leis na páistibh is iongantach an dream iadh adubhairt Monomhar.
Annsin d'fhiafhruigh sé dhí an bhfeadhfadh sí tada a thabhairt le n-ithe dhó. Dubhairt sí go bhfeadhfadh agus fáilte. Líon sí an teapot le uisge fuar agus chuir sí isteach i lár na teineadh é.
Níor bhfada go raibh sé ag fiuchadh. Bhí píosa go choilleach faghtha suas aichi thug(continues on next page)- Collector
- Máire Seóige
- Gender
- Female
- Address
- Cill Bhríde, Co. Mhaigh Eo
- Informant
- Padruig Ó Loingsighe
- Gender
- Male
- Age
- 70
- Address
- Cill Bhríde, Co. Mhaigh Eo