School: Gleann Sál (roll number 12627)

Location:
Gleann Sál, Co. Mayo
Teacher:
P. Ó Ceithearnaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0153, Page 269

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0153, Page 269

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Gleann Sál
  2. XML Page 269
  3. XML (no title)

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (no title)

    Bhí ridire ann aon uair amháin agus bhí aon fear déag aige, ach theastaigh fear eile uaidh.

    Bhí ridire ann aon uair amhain agus bhí aon fear déag aige, ac theastuig fear eile uaidh. Annsin d'imtig sé ar lorg fir. no go d'táinigh sé go dtí teac ina raibh sean fhear agus a mhac ina gcomnaidhe. Diarr sé an mach ar an bhfear go ceann bliadain agus lá. Nuair a bhí an bliadain agus an lá shuas d'imthig an mach abaile. Cuaid an ridire ar a thoir arís go ceann bliadain agus lá eile, agus dubhairt sé go mbeidh sé go maith leis fhein annsin. dhá leigfead sé leis é. Nuair a bhí an bliadain agus an lá shuas arís d'imthig an mach abaile. Lean an ridire é agus nuair a táinig sé go dtí teach an t-seanfhir, d'athruig an mach é fhéin isteac ina chapaill. Annsin dhíol an sean fhear an capaill leis an capaill agus fuair sé dhá chéad punt air ach coinnigh sé an srían. Nuair a chuaid an sean fhear abaile d'atruig an srían é fhéin isteach ina capaill eile. Annsin dhíol an sean fear an capaill leis an ridire arís agus fuair sé dhá cead punt eile air, ac ní thogad an ridire an capaill muna geobhadh sé an srían leis. Nuair a cuaid an sean fhear abaile, ní raibh an mach aige níos mo. Annsin cuaid an sean fhear amac ag toirigeacht an mhich no go d'tainig sé go dtí teach an ridire. Chonnaich se capaill ceangailte in aice leis an teach. Diarr sé cupan uisge ar an gcailín aimsire agus nuair a chuaid an sean fear dhá ól d'athruig an capaill i féin isteach ina eascoin agus leim
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0325: The Magician and his Pupil
    Language
    Irish