School: Gleann Sál (roll number 12627)

Location:
Gleann Sál, Co. Mayo
Teacher:
P. Ó Ceithearnaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0153, Page 273

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0153, Page 273

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Gleann Sál
  2. XML Page 273
  3. XML “Capall na gCloigíní Óir”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí rígh ann aon úair amháin agus bhí sé pósta dhá úair agus an bean deirid abhí aige ní raibh a fhios aici go raibh sé pósta an tarna úair. Bhí cailleach aige agus bhíodh sí i gcomhnaidhe ag cúmdach na gcearcaí agus sé an t-ainm abhí uirrí Cailleach na gCearc. Lá amháin núair abhí Cailleach na gCearca ag beatú na gcearca bhí bean an ríogh ag siubhal thart léi? féin agus dubhairt Cailleach na gCearca léi “Do ceann agus do chosaí fút” agus thuith sí. An lá ina dhiaidh sin núair abhí sí ag siubhal airíst dubhairt Cailleach na gCearc “do cheann agus do chosaí fút” agus thuith sí. An triomú lá núair abhí sí ag siubhal airíst dubhairt Cailleach na gCearc léi “do cheann agus do chosaí fút” agus thuith sí. Chúaidh sí go dtí an áit ina raibh an cailleach ina seasamh agus dubhairt “Tuige ar chuir tú an íde sin orm Chuile lá a chúaidh mé tharad leag tú mé? “Innseocad sin dhuit má íochann tú mé” adeir an chailleach. “Cén sórt íochaideacht a theastuigeas uaith” adeir an bhean. “Teastuigeann seacht gcruga imhe na seacht mbliadhaina uaimh? “Caitfidh tú é sin a fhágháil a deir an bhean.” “Teastuigheann seacht bairillí de chruineachta na seacht mbliadhna uaim” adeir an chailleach. “Caithfide tú é sin a fhágháil” adeir an bhean. “Teastuigheann seacht bacha de olna na seacht mblíadhna uaimh” adeir an chailleach. “Caithfide tú é sin a fhágháil comh maith” adeir an bhean. Annsin dubhairt an chailleach “sé an fáth a rinne mé é sin leath tá tú pósta
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0953: The Old Robber Relates Three Adventures
    Language
    Irish