School: Gleann Sál (roll number 12627)
- Location:
- Gleann Sál, Co. Mayo
- Teacher: P. Ó Ceithearnaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Rígh do b'eadh Monomhar. Tháinig sé ó'n Spáinn. Sé an fáth ar tháinig sé, bhí Righ eile i n-Éirinn d'ár b'ainm Finn. Chuala Monomhar go leór sgéalta faoi Fhinn agus níor thaithnigh sé leis chor ar bith mar bhí sé ag ceapadh go raibh Finn níos fearr ná é fhéin.
Ní raibh Righ i n-Éirinn nach raibh buailte ag Monomhar acht Finn, agus ní bheadh sé sásta go ndéanfadh Sé an rudh céadhna le Finn.
Lá amháin dubhairt sé leis fhéin nach stopfadh sé go rachfadh sé go dtí Finn. Annsin chuir sé sgéala ag Finn go raibh sé le theacht.
Nuair a chuala Finn é seo ní raibh fhios aighe sa domhan céardh a dhéanfadh sé. D'innis sé gun bhean fhaoi an triobhlóid ina raibh sé ann. Chuimhnigh sise ar chleas. Bhí clíabhán sa teach aca.
Caithfidh sé gur ceann mór a bhí ann!
Chuir sí Finn isteach sa gclíabhán.
Anois adeir sí nuair a thiocfas(continues on next page)- Collector
- Máire Seóige
- Gender
- Female
- Address
- Cill Bhríde, Co. Mayo
- Informant
- Padruig Ó Loingsighe
- Gender
- Male
- Age
- 70
- Address
- Cill Bhríde, Co. Mayo