School: Gleann Sál (roll number 12627)

Location:
Gleann Sál, Co. Mayo
Teacher:
P. Ó Ceithearnaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0153, Page 263

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0153, Page 263

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Gleann Sál
  2. XML Page 263
  3. XML (no title)
  4. XML (no title)

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (no title) (continued)

    Uair amháin bhí fear agus bean in a gcomhnaidhe i dteach beag leóbhta féin agus bhíodar an-bhocht.

    (continued from previous page)
    anamh mar bhí fios aige gurbh é an diabhal abhí ann. Sé an fáth gur tugad Ceatrachadh Súgán air mar bhíodh sé i gcomhnaidhe ag imhirt cárdaí agus ní raibh aon bheilt aige agus in áith beilt a chur thart air a bhásta bhíodh píosa súgán thart air. Núair a fúair sé bás níor leigead isteach go dtí na flaitais é nó isteach go hifrinn.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. (no title)

    Bhí fear agus bean na gcomh-nuidhe i dteach aon uair amháin. Ní raibh aon chlann acu.

    Bhí fear agus bean na gcomh-nuidhe i dteach aon uair amháin. Ní raibh aon chlann acu. Bhíodh an fear seo i gcomhnaidhe ag iasgaireacht. Agus thárla sé an lá seo go raibh sé ag iasgaireacht gur rug sé ar Ghaill Iasg. Labhair an Ghaill Iasg agus dubhairt. “Leig amach aríst mé agus i gceann bliadhna nó mar sin beidh beirt mhac agaibh.” Leig an fear amach aríst é agus d'imthigh leis abhaile.
    Bliadhain na dhiaidh sin bhí beirt mhac acu agus is é an t-ainm a tugadh ortha Dubh Mhac agus Donn Mhac. Nuair bhí siad bliadhain is fiche d'aois, dubhairt an t-athair le Donn Mhac imtheacht agus a chuid fhéin a shaothrú. D'imthigh sé leis agus nuair bhí sé ag imtheacht thug sé leis Dubh Mhac go tobar. Nuair shroicheadar an tobar dubhair Donn Mhac le Dubh Mhac. Féach ar an tobar seó gach lá as seo amach agus bhéas Barr Meala agus Bun Fola agus tá sé ráidte gur cuireadh amach é ar fud an tsaoghail agus gur tugadh solas beag dó agus go dtéigeann sé thart san oidche agus bíonn an solas beag ina láimh aige.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0303: The Twins or Blood‑Brothers
    Language
    Irish