Scoil: Caiseal na gCor (uimhir rolla 3294)
- Suíomh:
- Caiseal na gCorr, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Donnchadh Mac Giolla Chearr
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Caiseal na gCor
- XML Leathanach 198
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Scéal (ar lean)
“Bhí baintreach ann am amhai agus dha cheann deag de clann aicí, seisear mac agus seisear nigneach.”
(ar lean ón leathanach roimhe)bhí siad ag gabhail thart ag caoineadh.
Nuair a bhí an fear cuireadh cupla lá bhí na madadh amuigh lá amhain agus casadh bean ruadh ortha Cuir sí ceist ortha caide bhí ortha agus d'innis siad dithe caidé mar bhí agus dubhairt sí leo "Gabh go dtí an Domhan Thóir agus tá tobar ann agus tá trí mhíle uisge, trí mhile deilg, agus trí mhíle teinidh ann.
Annsin caithfidh sibh siubhal fríd an trí rud sin agus nuair a pillfidh sibh arís caithfidh sibh trí bhuideal uisge a thogail amach as an tobar agus sibh fhéin a nighe i mbeirt aca agus ceann amhain a congbhailt agus nuair a thiocfidh sibh fhad leis an uaigh caith an buideal uisge air."
D'imthigh an bhean ruadh annsin agus d'imthigh na madaidh go dtí an domhan thoir. Bhí obair iontach aca le gabhail fríd an uisge, an deilg, agus an(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Reannachain
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Caiseal na gCorr, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Cathal Ó Gallcobhair
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 63
- Seoladh
- Gort an Choirce, Co. Dhún na nGall