Scoil: Caiseal na gCor (uimhir rolla 3294)
- Suíomh:
- Caiseal na gCorr, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Donnchadh Mac Giolla Chearr
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Caiseal na gCor
- XML Leathanach 294
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Scéal
“Bhí buachaill ann uair amháin agus fuair a mhathair bás. Phos a athair bean eile agus bhí sí iongantach cruaidh.”
Sgéul:-
Bhí buachaill ann uair amháin agus fuair a mhathair bás. Phos a athair bean eile agus bhí sí iongantach cruaidh. Chuireadh sí an gasúr amach a bhuachailleacht achan mhaidín gan breicfeasta ar bith. Bhí na daoine beaga ins an pháirc a rabh an buachailll ann agus thigeadh siad amach achan mhaidín le tae agus arán do'n bhuachaill. Lá amhain thug siad tarbh deas do'n bhuachaill agus bhí doigh bhreagh air annsin.
D'eirigh an leas mhathair tinn nuair a bhí sí sé bliadhna pósta Thainig an doctúr agus dubhairt na bhfuigheadh sí biseach go dtí go niosfadh sí cuid feola an tairbh, Chuir an t-athair sgeula chuig an bhúistear a theacht agus an tarbh a mharbhughadh. Nuair a chualaidh an gásúr sin chuaidh sé síos go bun na páirce(leanann ar an chéad leathanach eile)