Scoil: Gort an Choirce
- Suíomh:
- Gort an Choirce, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Séamus Mac Giolla Easboic
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)VI
Ní dhearn tusa i gceart é i dtús na hoidhche,
Nár shuidh tú amuigh i chois claidhe nó dídin.
Nó nach dheachaidh tú go tigh na tabhairne a chaitheamh do pínghne,
Nuair a bhí mise 'mo stragláire, sin é mar ghnidhinn é.
'Sím bó.VII
Níl an teach tabhairne anois ar na gaothmhair,
Mar dtéigh mé na ngrainseach fá'n am seo oidhche,
Tá siad 'na gcodladh a's is deacair leo éirigh,
Agus is mór mór m'eagla go dtiocfaidh an sluagh sidhe orm.
'Sím bó.VIII
Is lag fá do chreideamh thú is dona a's is claoidhte,
Nuair a bheir tú isteach go bhfuil ann a leithead de dhaoine,
Ní raibh ariamh agus ní bhéidh a choidhche,
Acht sin cuid de phisreógaí bhunadh do thíre.
'Sím bóIX
Tusa a léigheas an Scruiptear a's an bíobla,
Is dona an t'acht a thug tú na tíre.
A' diúltughadh 'sa doichealt 'sa cuir amach daoine.
'S dá maireadh sin d'athair nach dtabhairfea greim bídh dó.
'Sím bó.X
Tá an oidhche a'sioc agus an ghealach ag éirigh,
Siud chugat an casan ó dhoras mo thighe-se,
Siud síar an casan a's lean dó go díreach,
Go droichead na gCailleach a's go Scartán na gCaorach.
'Sím bó.(leanann ar an chéad leathanach eile)