Scoil: Gort an Choirce

Suíomh:
Gort an Choirce, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Séamus Mac Giolla Easboic
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1070, Leathanach 121

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1070, Leathanach 121

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Gort an Choirce
  2. XML Leathanach 121
  3. XML “Tobair Bheannaithe”
  4. XML “Tobar na bhFaithní”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Tobar Bheannuighthe
    Tá tobar beannuighthe ar an Árdaigh bhig, agus 'sé an t-ainm atá air Tobar Cholmcille. Gnídh na daoine atá 'na gcomhnuidhe i n aice an tobair úsaid de'n uisge.
    Bíonn turas annseo uair amháin sa bhliadhain-ar an 9adh lá de Mheitheamh.
    Deirtear trí coróineacha-muire ag an tobar agus tógtar trí clocha agus caithtear isteach ins an tor atá a'fás ag taoibh an tobair iad-cloch i n-aghaidh 'achan choróin-mhuire a deirtear.
    Tá an tobar suidhte i b-páirc, agus altóir chloch deánta ag a thaoibh. Tá cloch ag taoibh an tobair agus lorg coise Cholmcille inntí, agus cloch eile a bhfuil lorg a dhá mhéar inntí- ceann ar gach taoibh.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. ócáidí
      1. ócáidí (de réir trátha bliana) (~11,476)
    Teanga
    Gaeilge
  2. Tobar na bhfaithní
    Tá tobar ar chnoc Ghort-an-Choirce agus bheir na daoine "Tobar na bhfaithní" air. Tá sé suidhte ag bun trí theórthainn, ar ghualainn chnuic, faoí scath thor driseóige (sméar).Léaghasan sé faithní.
    An té ar maith leis an léaghas a fhághail caithfidh sé theacht go dtí an tobar trí luan indiaidh a chéile, le tús ráithche, roim eirighe gréine, paidir
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.