Scoil: Gort an Choirce

Suíomh:
Gort an Choirce, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Séamus Mac Giolla Easboic
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1070, Leathanach 105

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1070, Leathanach 105

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Gort an Choirce
  2. XML Leathanach 105
  3. XML “Na Seacht Sailmí”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Na Seacht Sailmí
    Na seacht sailmí a' guidhe fá'n Mhaighdin,
    leis na seacht saghaid a chuaidh fríd a croidhe.
    le tuigse cheart a'thabhairt do aonneach,
    Caidé na píanta a d'fulaing Críost.
    Nuair a chonaic Muire a mac ba lag a croidhe,
    Agus ba chlaoidhte a sgairt.
    Bhi Sé sgartha sínte ar an chroich.
    A's fuil a chroidhe istigh go tréan a'teacht.

    A pheacaidhe nach deacair libhse claonadh
    Dearc ar na clocha agus iad sgoilighthe na bpíosaí.
    Iasg na fairrge 'sa theallach brúideamhail
    'S ná'r fhan nidh ar talamh ná'r chreathnuigh ar sgiúrsáil..
    Scoilt na clocha agus na crainn.
    Dhruid na spéartha os ar gcionn.
    'S nach raibh a'n deallramh ins an ghréin,
    Fhad is bhí mac na hóighe i bpéin.
    'S an teampall Caitliocach a bhí dá chriochnuighadh
    Le dhá chéad bliadhain ag na saorthaí.
    Ná'r thuit go talamh a's ná'r scoilt na bpíosaí,
    le linn an dúnmharbhadh rinneadh ortsa Chriost.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Áine Ní Fhioruisge
    Inscne
    Baineann