Scoil: Gort an Choirce

Suíomh:
Gort an Choirce, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Séamus Mac Giolla Easboic
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1070, Leathanach 144

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1070, Leathanach 144

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Gort an Choirce
  2. XML Leathanach 144
  3. XML “Seanfhocail”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. An té a bhíos i bhfad amuigh fuarann a chuid air.
    Ceannuigh sean rud agus bí gan aon rud.
    Cam díreach an ród sé an bealach mór an aithgiorra.
    Scuabann scuab úr go glan.
    Níl leaghas nó luibh i n-aghaidh an bháis.
    Ná caith an t-uisge salach amach go mbéidh an t-uisge glan istigh.
    Is glas na cnuic i bhfad uainn ach más glas ní féarmhar.
    Is goire cabhair Dé no'n doras.
    Tuilleadh mine nó béidh do bhrachan lom.
    Ní sheasann sac follamh.
    Más olc maol is míle measa an mullach.
    Cuir síoda ar ghabhar agus gabhar i gcomhnuidhe é.
    Ní hé lá na gaoithe lá na scolb.
    Is fearr an t-sláinte nó na táinte.
    Ní thig síoda a dhéanamh as cluais muice.
    Ná ceannuigh muc i mála.
    Is fearr go mall nó go bráthach.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
        1. seanfhocail (~4,377)
    Teanga
    Gaeilge