Scoil: Gort an Choirce

Suíomh:
Gort an Choirce, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Séamus Mac Giolla Easboic
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1070, Leathanach 157

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1070, Leathanach 157

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Gort an Choirce
  2. XML Leathanach 157
  3. XML “Tuilteacha”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Ins an bhliadhain 1880 ar an 15adh Lughnasa, Lá Fhéile Mhuire Mór sa'n Fhóghmhair bhí tuile mór i nGaoth Dobhair.
    Ar maidin an lae sin bhí sé comh bréagh agus d'iarrfeadh dó bhéal a bheith agus chuaidh muinntear na h-áite 'un an Aifrinn mar ba ghnáthach. Nuair a bhí na daoine istigh ag an Aifreann, rinne sé báisteach iongantach trom thuas fá na sléibhte. Thainig an tuile anuas an abhainn agus thainig turtóga agus glár anuas leis an tuile agus chruinnigh sé ag béal na h-abhna. Bhí an abhainn 'na reith le taobh thig an phobaill ins an am seo agus d'éirigh tuile ins an abhainn. Thainig an t-uisge isteach ar urlár thig an phobail agus b'éigean dó na daoine dhul suas ar na staighrí agus a dhul amach ar na fuinneoga. B'éigin dóbhtha rópaí a fhághail agus rinneadar a ndícheall gach duine a shábhail ach cailleadh cúigear duine.
    Ins an bhliadhain 1889 marbhuigheadh an Máirtíneach ag Teach-Phobail Dhoire Beag fosta ar an 3adh Feabhra a tharla seo. Bhí cogadh na Talmhan ar siubhal ins an am. Thug na péas iarraidh ar an Saghart 'Ac Pháidín a ghábhadh, mar gur
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. próisis agus feiniméin
      1. báisteach agus tuilte (~124)
    Teanga
    Gaeilge