Scoil: Gort an Choirce
- Suíomh:
- Gort an Choirce, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Séamus Mac Giolla Easboic
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Gort an Choirce
- XML Leathanach 75
- XML “Sráth na Bratóige”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Sgeul - Sráth na bratóigeBhí fear ann uair amháin agus bhí cú aige. Bhí cuid mhór eallaigh agus caorach ar an chnoc aige. Gach uile lá a rachadh sé a dh'amharc ortha thiocfadh bean fhad leis.
Lá amháin smaointigh sé go bhfágfadh sé an coilean cú 'na diaidh sa bhaile. D'fág. Nuair a chuaidh sé suas na chnuic thainic an bhean fhad leis an lá seo mar ba ghnáthach agus cuir sí troid air. Rinne sé fead ar a chú agus chualaidh an cú an fhead agus thug iarraidh na chnuic chuige.
Thainic an fear na bhaile tráthnóna slán sábhailte, ach d'fág sé an cú na diaidh a troid leis an taidhbhse. Maidin lá ar na bhárach fuarthas an cú 'na luighe marbh ar an t-sráth agus bratóg éadaigh i na béal. Ó'n lá sin amach níor tugadh ainm ar an áit acht Sráth na bratóige.- Faisnéiseoir
- Pádraic Mac Fhionnlaoich
- Inscne
- Fireann