Scoil: Rann na Feirsde (uimhir rolla 15927)

Suíomh:
Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Pádraig Ó Baoighill

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1065, Leathanach 7

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

An Coileach, an Cat agus an Dréimire

Bhí sin ann agus is fad ó bhí. Bhí fear ann a raibh triúr mac aige. Bhí sé iongantach bocht agus bhí sé aosta. Fá dheireadh fuair an seanduine bás. Ní raibh de mhaoin ar an tsaoghal aige ach coileach, cat agus dréimire. D'fhág sé an coileach ag an chead fhear, an cat ag an dara fear agus an dréimire ag an tríomhadh fear. Ní raibh biadh ar bith sa teach. D'imthigh an chead fhear agus thug sé leis an coileach le na dhíol. Shiubhail sé leis go dtáinic sé go dtí an t-aonach, ar uair an mheadhon-lae go díreach nuair a bhí sé na sheadamh i lár an bhaile mhóir thosigh an coileach a scairtigh. Chruinnigh muinntir an bhaile mhóir thart air. Níor chualaidh siad coileach ag scairtigh ariamh roimhe sin. Thairg fear acu funnta dó ar an choileach. Thairg fear eil dhá phunnta dó ar an choileach. Thairg fear eile trí phunnta dó ar an choileach. Ní thabharfadh sé an coileach uaidh gan deich bpunnta. Thug fear de mhuinntir an bhaile mhóir an méid sin dó agus fuair sé an coileach. "Aoins" ar seisean leis an fear a cheannuigh an coileach uaidh "tá margadh maith agat. Scairtfidh an coileach sin ort gach maidin sa bhliain ar an sé chlog. Scairtigh sé ort aríst ar uair an mheadhon-lae agus nuair a thiocfas an trathnóna scairtfidh sé ort uair roimhe luighe na gréine". D;imthigh an mac a ba sine na bhaile agus d'innis sé an sgéal do'n bheirt eile. Bhí áthas mór ortha agus dubhairt an dara fear dtabharfadh sé fhéin leis an each agus go ndíolfadh sé é.

(leanann ar an chéad leathanach eile)
Faisnéiseoir
Éamonn Mac Ruaidhrigh
Inscne
fireann
Aois
38
Gairm bheatha
feirmeoir
Seoladh
Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
Teanga
Gaeilge