Scoil: Rann na Feirsde (uimhir rolla 15927)

Suíomh:
Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Pádraig Ó Baoighill

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1065, Leathanach 59

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

Mac an Iascaire (Lá Fhéil Pádraic 1938)

Bhí lánamhain ann ibhfad ó shoin agus bhí siad iongantach bocht. Bhíodh an fear ag iascaireacht agus sin an gléad beatha bhíodh acu ó bhliain go bliain. Lá amháin i ndeireadh an Fhoghmhair bhí sé amuigh le na bhád beag ag cur eangach nuair a chonnaic sé chuige an bád caol dubh. Dar leis féin go mbéadh sé deas do'n chladach ar eagla na h-eagla.
Nuair a bhí sí fá ghiota dó d'aithin sé nach rabh ar bórd uirthi ach cailín óg. Labhair sí leis go caoidheamhail agus ar sise "An bhfuil aon teaghlach agat?". "Níl" ar seisean, ach ba mhaith lom dá mbéadh". "Bhál" ar sise "beidh mac agat ach caithfidh tú thabhairt damh-sa agus bhearfaidh mé oireadh airgid duit agus chongbhóchas beo tú a choidhche". Líon sí malaí óir dó agus annsin d'imthigh sé leis na bhaile.
Bliain ón lá sin bhí mac óg ag a mhnaoi. Thannic an bhean ghlas, sin an t-ainm a bhí uirthi, fá choinne an mhic. Bhí brón mór ar an athair ag sgaradh le na mhac ach mar sin fhéin níor mhaith leis an geall a bhriseadh. THug an bhean ghlas léithe é go dtí an caisleán a bhí aici ar thóin na fairrge agus thóg sí é go rabh sé na ghasúr mhór. Theagasc sí achan chineal dó agus d'fhoghluim só an dóigh leis an bhád a sheoladh. Sa deireadh bhí sé comh h-eolach ar an bhád agus go rabh sé fhéin ábalta a h-oibriú.
Lá amháin thainic sé isteach agus bhí an bhean ghlas na luighe na codladh ins an tseomra. Dar leis gur dheas í. Chrom sé anuas agus thug sé póg díthe.

(leanann ar an chéad leathanach eile)
Faisnéiseoir
Micí Mac Pháidín, ainm áitiúil Micí (Paidí) Mac Pháidín
Inscne
fireann
Aois
73
Gairm bheatha
feirmeoir
Seoladh
Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
Teanga
Gaeilge