School: Rann na Feirsde (roll number 15927)
- Location:
- Rann na Feirste, Co. Donegal
- Teacher: Pádraig Ó Baoighill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Rann na Feirsde
- XML Page 60
- XML “Mac an Iascaire”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Mhuscail sise agus d'amharc air agus ar sise, "caithfidh mise imtheacht anois uait ná tá na geasa briste. Bhí mé le bheith annseo go bhfuighinn póg ó bhéal nár phóg aon bhéal ariamh". Dubhairt sí annsin go rabh sí ag imtheacht agus go mbéadh seisean sa chaisleán go dtaradh éan chuige a bheirfeadh 'un siubhail é. D'imthigh sé léithe uaidh annsin.
Bhí mac an iascaire annsin sa chaisleán leis féin ach bheiradh sé ruaig achan lá thart fá'n áit ina rabh a bhád. Lá amháin nuair a bhí sé amuigh thuit iolar anuas ins an bhád agus é comh tuirseach agus nach rabh sé ábalta bogadh. Thug an buachaill leis na bhaile é agus thug sé biadh dó go cionn trí seachtmhainí. Annsin dubhairt an t-iolar go rabh sé ag imtheacht agus ar seisean "tá sé comh maith agat a bheith liom". "Maith go leor" arsa mac an iascaire. Chuaidh sé ar dhruim an iolair agus shín an bheirt leo.
Nuair a bhí siad giota mór fada ar shiubhal thainic an t-iolar 'un talaimh agus d'iarr sé ar an bhuachaill cuartú ná go rabh sé deas do'n áit a rabh an bhean ghlas na comhnuidhe. D'imthigh an t-iolar annsin agus fágadh leis féin é. An chead teach a chonnaic sé chuaidh sé fhad leis agus chuir ceist an rabh an bhean ghlas ann. Hubhradh leis go rabh sí an oidhche roimhe sin ach go rabh sí giota eile ar shiubhal an oidhche sin. "Ach seo péire....(continues on next page)- Informant
- Micí Mac Pháidín
- Other names
- Micí Mac Pháidín
- Micí (Paidí) Mac Pháidín (local name)
- Gender
- Male
- Age
- 73
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Rann na Feirste, Co. Donegal