School: Rann na Feirsde (roll number 15927)
- Location:
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
- Teacher: Pádraig Ó Baoighill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Rann na Feirsde
- XML Page 38
- XML “Iníon an Rí”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)duine ar bith í agus ní rabh fhios ag duine ar bith cé í féin ach an dlightheóir. Ba é an chead chás a thainic i n-éadan an fhir go bhfuair sé sé phunnta óir ó chléireach an bhainnc, go rabh sé le na dhíol i gcionn bliadhna ná mar ndíolfadh go gcaithfeadh sé sé phunnta feola a ghearradh ó na dhá thaoibh. Tugadh breitheamhnas báis ar an stócach, sin ná sé phunnta feola a ghearradh as a thobhanna. Nuair a bhí sin thart dubhairt an chailín óg go rabh cupla focal le rádh aici. D'éist siad uilig. D'fhiafruigh an cailín cé acu bhí siad ag gabhail a chur 'un báis ná ag gabhail a ghearradh sé phunnta feola as a thaobhanna. Dubhairt siad go ngearrafaidh an fheoil. Dubhairt sise an té a bhí ag gabhail a ghearradh na feola nach dtiocfadh leis deór amháin fhola a dhóirteadh. Scannraigh na dochtuirí agus ní rachadh dine amháin acu i gcionn na h-oibre. Bhí an fear soar ins an chás sin.
Annsin thainic an dara cás, cás na ngealltaí, 'un tosuigh. tugadh breitheamhnas báis ar an stócach. D'innis an cailín óg fá'n tsean bhean agus a ingean. Tugadh órdú an tseanbhean, a ingean agus an captaoin a dhóghadh i dteinidh i lár an bhaile mhóir. Fuair an stócach saor an dara h-uair.
Annsin thainic an tríomhadh cás go dtearn sé ar shiubhal le na bhean féin. Tugadh breitheamhnas báis air ins an chás seo fosta. Annsin labhair an cailín óg agus dubhairt sí le na h-athair gur cheannuigh sí capall uaidh-san an lá sin agus indiaidh í a cheannacht gur...(continues on next page)- Informant
- Micheal Ó Baoighill
- Other names
- Micheal Ó Baoighill
- Micheal (Seán) Ó Baoighill (local name)
- Gender
- Male
- Age
- 43
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall