Scoil: Rann na Feirsde (uimhir rolla 15927)
- Suíomh:
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Pádraig Ó Baoighill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Chuaidh siad anonn go caisleán an ríogh agus thoisigh an troid. Bhain an buachaill na cinn de'n chúigear fear. Annsin bhí ingean an ríogh aige. Thug sé an déagh sgéala chuig an rígh agus na mhac.
An oidhche sin bhí bainfhéis mhór le bheith acu agus bhí siad le pósadh lá ar na bhárach. Chuaidh an rí agus a mhac na chaisleáin agus d'fhan an buachaill sa bhaile. Bhí lúthgháir mhór fá na gcoinne ach nuair a chonnaic ingean an ríogh mac an ríogh dubhairt sí nárbh' é sin an fear a throid.
"Ó bó, bó," ars' an rí caidé tá ag teacht ort indiaidh tú cúigear fear a fhagháil marbh? agus tú ag rádh anois nach bhfuil tú ag gabhail a phósadh an fhir seo."
"Níl mé ag gabháil a phósadh", ar sise, "ní sin an fear a throid ar mo shon-sa ar chor ar bith ná an solas a bhí i ndá shúil an fhir a throid níl sé in a shúile sin."
Chuir an rí ceist ar achan duine ar fhág siad duine ar bith na ndiaidh sa bhaile agus dubhairt achan duine nár fhág. Chuir sé ceist ar an ríg seo eile agus dubhairt an rí gur fhág sé an buachaill na dhiaidh. D'iarr an rí air imtheacht fá na choinne agus d'imthigh. Nuair a chonnaic an cailín an buachaill d'aithin sí é. Pósadh(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Maighread Ní Ruaidrigh
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 37
- Seoladh
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall