Scoil: Rann na Feirsde (uimhir rolla 15927)

Suíomh:
Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Pádraig Ó Baoighill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1065, Leathanach 125

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1065, Leathanach 125

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Rann na Feirsde
  2. XML Leathanach 125
  3. XML “An Droch-Leasmháthair”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Fá dheireadh d'imthigh siad uilig go teach an ríogh a iarraidh ingean an ríogh le pósadh. Nuair a chuaidh sé isteach bhí cúigear fear eile rompa ag iarraidh ingean an ríogh le pósadh. D'fhoscail an rí sé dóirse agus chuaidh fear acu amach ar achan ndoras. D'iarr an rí ar a ingin an fear a b'fhearr léithe a leanstan ach shuidh sí agus ní leanfadh sí fear ar bhith acu.
    "Ó bó, bó," arsa an rí, "caidé thainic ort? cad chuige nach deachaidh tú amach indiaidh fir acu?
    "Ní bhéidh sé le rádh ag fear ar bith acu gur lean mise é," ar sise, "ach cé bith fear acu is fear ag troid pósadh mise é?
    Rinn siad amach a ghabhail a throid ar maidin lá thar na bhárach. An oidhche sin nuair a chuaidh siad a luighe, Ar maidin chuaidh an buachaill fhad leis an rígh agus dubhairt sé go muirbhfidhe a mhac sa troid an lá sin. Dubhairt an rí gur chuma leis na go mb'fhéidir gur sin an bás a bhí i ndán dó.
    Dubhairt an buachaill gur mhór an truaighe é bás fhagháil. Dubhairt sé annsin go rabh a mhac-san agus é féin iongantach cosamhail le chéile agus go dtroidfeadh seisean ina áit. Dá mbainfeadh sé ingean an ríogh go dtabharfadh sé do na mhac í le pósadh. Dubhairt sé dá muirbhfidhe fhéin é nach mbéadh caill déanta. Thoiligh siad sin a dhéanadh
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0930: The Prophecy
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Maighread Ní Ruaidrigh
    Inscne
    Baineann
    Aois
    37
    Seoladh
    Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall