Scoil: Rann na Feirsde

Suíomh:
Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Domhnall Ó Baoighill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1064, Leathanach 530

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1064, Leathanach 530

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Rann na Feirsde
  2. XML Leathanach 530
  3. XML “An Gobán Saor”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí saor cloiche ann fad ó shoin darbh' ainm an Goban Saor agus ní raibh aige ach é fhéin agus a mhac. Nuair a thainic aois a phósta chuig an mhac d'iarr an t-athair air a ghabhail amach agus bean a thabhairt isteach.
    "Is doiligh bean miath chliste a thaegheadh, bean toighe mhaith, agus níl fhios agam faoi an ghréín goidé mar phósas mé" ars' an mac.
    "Bhal" ars' an t-athair "taegheidhfidh mise bean duit 'mo shuidhe annso i chois na teineadh"
    "Caidé mar dheanfas tú é?" ars' an mac.
    "Tá" ars' an t-athair, "tá dúisín caorach annsin. Tabhair leat iad 'un aonaigh agus díol iad le cailín óg agus bíodh na caoirigh agus a luach 'n-a bhaile leat"
    Ar maidin lá thar na bharach, d'éirigh an mac go luath, ghleas é fhéin agus d'imthigh 'un aonaigh leis na caoirigh. Nuair a chuireadh duine ceist air cá mhéad a bhí sé iarraidh ar na caoirigh, deireadh seisean leo go
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
        1. Gobán Saor (~181)
    Innéacs seanscéalta
    AT0875: The Clever Peasant Girl
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Anna Ní Chrosáin
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
    Faisnéiseoir
    Proinsias Mac Grianna
    Inscne
    Fireann
    Aois
    81
    Seoladh
    Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall