Scoil: Rann na Feirsde
- Suíomh:
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Domhnall Ó Baoighill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Rann na Feirsde
- XML Leathanach 497
- XML “Na Trí Achaine”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)a’s an rud seo ar mo ghaothsan”.
“Sé, a tháiscí”, ars’ an fear, “nuair a gheobhas mise cofra an airgid, gheobhaidh mé bocsa airgid deanta fá choinne chur ar do ghaothsan agus ní bhéidh fhios ag na daoine caidé a tháinic ort”.
“Ní dheanfaidh sin gnoithe ach oiread”, ar’ sise, “Caidé mar thiocfadh liom-sa éirghe amach a choidhche agus bocsa airgid crochta ar mo ghaothsan?”
“Agus caidé dheanfas muid?” ars’ an fear.
“Tá”, ars’ an bhean, “muid an athchuinge seo eile a iarraidh agus an mhuic fheoil imtheacht ó mo ghaothsan. Tú fhéin a chuir orm, ar scor bith é agus tá sé go maith agat é a dh’iarraidh go gasta nó iarrfaidh muid fhéin í”.
D’iarr an fear an athchuinge agus thuit giota na muicfheola de ghaothsan na mná, agus anois bhí siad comh bocht agus bhí siad ariamh. Ach is minic a bíos ádh ar amadán. Ní raibh sé i bhfad go dtáinic an fear bocht céadna arais. D’innis fear(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Pádraic Mac Páidín
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Proinsias Mac Pháidín
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 41
- Seoladh
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall