Scoil: Rann na Feirsde
- Suíomh:
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Domhnall Ó Baoighill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Seonaidh agus SineadBhí bean agus fear ann fad ó shoin darb' ainm Seonaí agus Sinead. Bhí Sinead iongantach amaideach. Bhí cloch mhór taobh thall de'n teach agus shaoileadh sí i gcomnaidhe gur a máthair mhór a bhí innti.
Lá amháin thoisigh sé a phlúchadh sneachta agus chuir sé [!] cuilt mhór dhearg ar an cloich le n-a máthair mhóir a chongbhailt teith. Bhí duine éighinteacht ag gabhail an bealach agus thug sé leis an chuilt. Nuair a stad an plúchadh sneachta chuaidh Sinead amach araist fá choinne na cuilte, ach ní raibh cuilt ar bith fá na coinne. Shaoil sí gur shlog a máthair mór an chuilt agus thionntuigh sí fhéin agus Seonaí an chloch ag deanamh go bhfuigheadh siad an chuilt ach i n-áit an chuilt a fhághail fuair siad croc mór oir. Bhí lúthghair mhór ortha agus dubhairt Seonaí go gcongbhóchadh siad seo fá choinne na coise tinne.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Grianna
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Maighread Ní Grianna
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 60
- Seoladh
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall