Scoil: Rann na Feirsde

Suíomh:
Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Domhnall Ó Baoighill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1064, Leathanach 301

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1064, Leathanach 301

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Rann na Feirsde
  2. XML Leathanach 301
  3. XML “Seaghan na Luatha Buí”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Seaghan na Luath Buidhe
    Bhí baintreabhach ann fad ó shoin agus ní raibh aici ach aon mhac amháin agus ba' é an t-ainm a bhí air Seaghan, ach bhaist na cómharsanaí Seaghan na luath buidhe air cionnas go raibh sé i gcomhnaidhe 'n-a shuidhe i chois na teineadh agus a ladhara sáithte sa luaith aige.
    Lá amháin bhí a mháthair ag gabhail 'un aonaigh le dúisín stocai fá choinne iad a dhíol agus dubhairt Seaghan go rachadh seisean 'un aonaigh leobhtha, ann a háit. Thug an mháthair do na stocaí agus bhóg sé leis agus an beairtín faoi na ascaill aige.
    Chuaidh Seaghan isteach 'un aonaigh agus bhog leis suas an t-sráid go dtáinic sé go dtí ionad an mhargaidh. Casadh trí fhear uasal air agus chuir siad ceist air caidé a gnoithe 'un aonaigh agus d'innis sé daobhtha go raibh sé ag dúil leis an bheairtín stocaí a bhí faoi na ascaill a dhíol.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT1542: The Clever Boy
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Anna Ní Chrosáin
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
    Faisnéiseoir
    Gráinne Ní Grianna
    Inscne
    Baineann
    Aois
    79
    Seoladh
    Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall