Scoil: Rann na Feirsde
- Suíomh:
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Domhnall Ó Baoighill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)495. Nighfidh uisce gach uile chineal ach an peacadh.
496. Nuair a saoileas tú go bhfuil lán do léineadh leat b’fhéidir go bhfuil cúl do chinn leis.
497. Níor mhill Dia a dhath ariamh nár leigheas Sé araist.
498. Ní thig cruadhas go dtig Earrach as go raibh uibh ag an fheannóg.
499. Ná bhí ar tús ná ar dheireadh cuideachta.
500. Ní’l tuille nach dtráigheann ach tuille an ghrádha.
501. Ná Faoilligh a mharbhuigheas caoirigh, an márta a mharbhuigheas daoine.
502. Nuair a tcídhfeas tú bérr naoi dtoightheach béidh do ghoile araist agat.
503. Ní dheachaidh sé ar chúl scéithe leis.
504. Níor chualaidh mé agus ní fhacaidh mé a leithid ó rinn slat cóta damh.
505. Ní phillfidh sé go h-éag na n-éag.
506. Ní fheiceann duine ar bith a locht fhéin.
507. Ní’l coir sa buille nach mbualtar.
508. Ná bí siubhlach go toigh an óil.
509. Ná bíodh “cur amach a’ mhadaidh” ort.
510. Ná bíodh díol an bhuird ort(leanann ar an chéad leathanach eile)