Scoil: Rann na Feirsde
- Suíomh:
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Domhnall Ó Baoighill

Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1064, Leathanach 92
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Inghean Ríogh Chnoc an Óir.Bhí rí agus bainríogháin i nÉirinn fad ó shoin agus bhí triúr mac aca. Ba’ é an t-ainm a bhí ar na mic, Cod, Fionn agus Oscar. Dá réir mar bhí an teaghlach ag éirghe aníos bhí an rí agus an bhainríogháin ag éirghe níos boichte
Nuair a tháinic siad i mbun-méadaidheacht rinn siad amach go n-imtheochadh siad go bhfeicfeadh siad an mbéadh siad ábalta sáidhbhreas ar bith a chruinniughadh.
Bhí tobar íoch-shláinte comhgarach do caislean an ríogh agus nuair a d’éirigh siad ar maidín d’iarr Cod ar a bheirt dearbhrathair a bheith leis go dtí an tobar. Tharraing sé scian amach as a phóca agus chaith sé síos anns an tobar í agus dubhairt sé leis na dearbhrathaireacha dá dtiocfadh geibheann ar bith air-sean go dtiocfadh ruadh-mheirg ar an scian agus d’imthigh leis.
Shiubhail sé leis go dtáinic an neóin beag agus deireadh an lae air. Casadh coillidh air(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Bríghid Ní Bhaoighill
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Mícheal Ó Baoighill
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 38
- Seoladh
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall