Scoil: Rann na Feirsde

Suíomh:
Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Domhnall Ó Baoighill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1064, Leathanach 85

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1064, Leathanach 85

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Rann na Feirsde
  2. XML Leathanach 85
  3. XML “Iascaire Bocht na hÉireann”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Iascaire Bocht na hÉireann.
    Bhí iascaire bocht ‘n-a chomhnaidhe i nÉirinn fad ó shoin. Ní’l an lá a rachadh sé amach a iascaireacht nach bhfuigheadh sé beathadhach amháin éisc agus dá mbéadh sé ag iascaireacht ó tiocfadh ball bán ar an lá go clapsholas ní bhfuigheadh sé ach a’n bheathadhach amháin.
    Lá amháin chuaidh sé ‘n-a fairrge agus léim cailín deas ruadh a raibh ruball éisc uirrí isteach anns an bhád chuige. Chuir sí ceist air an raibh sé ag deanamh móran saidhbhris ar an iascaireacht. D’innis sé dithe nach bhfuigheadh sé ach beathadhach amháin éisc anns an lá.
    “Bhal” ar sise, “ní’l agat ach an currach a chur amach ar an uisce agus léimfidh na héisc iad féin isteach ó seo amach má thabhaireann tú an chead mhac a bhéas agat damh-sa”
    Shaoil an t-iascaire bocht nach mbéadh a’n mhac aige a coidhche agus dubhairt sé go dtabhairfeadh agus ó sin amach ní raibh dadaidh le deanamh aige ach an currach a chur ar an uisce agus léim feadh
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0302: The Ogre's (Devil's) Heart in the Egg
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Anna Ní Chrosáin
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
    Faisnéiseoir
    Gráinne Ní Grianna
    Gaol
    Seantuismitheoir
    Inscne
    Baineann
    Aois
    79
    Seoladh
    Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall