Scoil: Rann na Feirsde
- Suíomh:
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Domhnall Ó Baoighill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)480. Ná trí neithe is uaignighe amaigh teach pobal gan sagart; teach faire gan píopaí agus teach gan ceann urraidh.
481. Ní dheán breaghta brachán agus ní bhruitheann dóigheamhlacht an pota.
482. Ní’l chiall de shamhnas ag an ocras.
483. Nuair is cruaidh de’n chailligh caithfidh sí rith
484. Ní bhfuair cú gortach ariamh cnámh.
485. Ná bain de dhuine dheileóir.
486. Ná gabh un aonaigh gan gnoithe ach gabh go teach dlighe gan gnoithe
487. Ní raibh sé le scaoileadh ná le ceangal.
488. Ní’l a dhath mór aige.
489. Ní’l taidhbhse ar bith go h-olc le taidhbhse dhuine bheo.
490. Ní’l inntí ach cailín domhnaigh.
491. Ní’l a’n dhuine agat mar bhfuil do chomharsa agat.
492. Cá dearn breag ariamh spuaic ar do theangaidh
493. Ní mór a ndothain agus is beag a n-éileamh.
494. Ní’l fhios ag a’n dhuine an lá sa bhliadhain ceaca a leas ná aimhleas atá sé dheanamh.(leanann ar an chéad leathanach eile)