Scoil: Rann na Feirsde

Suíomh:
Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Domhnall Ó Baoighill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1064, Leathanach 66

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1064, Leathanach 66

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Rann na Feirsde
  2. XML Leathanach 66
  3. XML “Scarann Bochtaineacht Cuideachta Mhaith ó Chéile”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Scarann Boichtíneacht cuideachta mhaith ó chéile
    Bhí fear uasal 'n-a chomhnaidhe uair amháin i gConndae an Dúin. Bhí caislean agus feirm mhór talaimh aige. Ní raibh de chloinn aige ach aon inghean amháin. Bhí garrandóir ag obair ag an duine uasal agus ní raibh aige de theaghlach ach aon mhac amháin. Bhí siad 'n-a gcomhnaidhe ar fhód an bhealaigh mhóir agus ba' ghnáthach le bean an gharrandóra, lóisteóirí a chongbhailt, i gcomhnaidhe. Bhí inghean an duine uasail ag mac an gharrandóra fá thuairim aoise a chéile.
    Nuair a chuaidh an bheirt pháisdí seo 'n-a scoile ba' ghnáthach lesi an duine uasal a inghean a thiomáint 'n-a scoile gach uile lá i gcarr. Chuaidh seo ar aghaidh go raibh an ghiorsach deich mbliadhna de aois. Annsin cheannuigh sé carr úr dithe fhéin, agus bheireadh an ghiorsach mac an gharrandóra 'n-a scoile gac maidín sa charr agus 'n-a bhaile araist tráthnóna.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Bríghid Ní Bhaoighill
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
    Faisnéiseoir
    Mícheal Ó Baoighill
    Inscne
    Fireann
    Aois
    38
    Seoladh
    Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall