Scoil: Rann na Feirsde

Suíomh:
Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Domhnall Ó Baoighill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1064, Leathanach 111

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1064, Leathanach 111

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Rann na Feirsde
  2. XML Leathanach 111
  3. XML “Iníon Rí Chnoc an Óir”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    “má tá fhéin”, ars’ an fathach ní’l an t-éan ceart ann”
    Nuair a tháinic na héanacha fá ghiota daobhtha d’umhluigh siad uilig dó’n fhathach agus d’iarr an fathach orra imtheacht leobhtha.
    Chuir sé seideóg eile san fhídeóig agus bhí an scread a bhain sé aisti go géar sin agus go mb’éigean do mhac an Ríogh a dhá láimh a chur ar a dhá chluais.
    “An bhfeiceann tú a dhath ag tarraingt orainn anois?” ars’ an fathach.
    “tCím scaifte éanach ag tarraingt orainn”, arsa mad an Ríogh, “agus tá sé (sé) i bhfad níos mó ná an chead scaifte”.
    “Má tá fhéin”, ars’ an fathach ní’l an ceann ceart ann go fóill”.
    Nuair a tháinic na héanacha fá ghiota daobhtha d’umhluigh siad uilig do’n fathach agus d’iarr se orra a ghabhail ar aghaidh.
    Chuir sé an tríomhadh séideóg san fhídeóig agus bhí an scread sin go géar agus go mb’éigean do mhac an Ríogh a dhá láimh a chur
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0302: The Ogre's (Devil's) Heart in the Egg
    AT0400: The Man on a Quest for his Lost Wife
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Bríghid Ní Bhaoighill
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
    Faisnéiseoir
    Mícheal Ó Baoighill
    Inscne
    Fireann
    Aois
    38
    Seoladh
    Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall