Scoil: Rann na Feirsde
- Suíomh:
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Domhnall Ó Baoighill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Rinn sé réidh a shuipear do agus nuair a bhí an suipear ithte aige d’iarr sé air a ghabhail a luighe agus go n-amharcúchadh seisean fríd na leabharthaí go maidín go bhfeiceadh sé an bhfuigheadh sé tuairisc ar bith fá’n éan a raibh sé ar a lorg.
Mhuscail an fathach ar maidín é chuig a bhricfeasta agus dubhairt sé leis nach a leithid de éan ann a chuid leabhartach. Nuairm a bhí a bhricfeasta caithte aige d’iarr an fathach air a bheith leis suas go mullach cnuic a bhí comhgarach daobhtha. Fuair siad mhullach an chnuic a baint amach.
Bhí cloch mhór ann. D’iarr an fathach ar mhac an Ríogh amharc siar faoi’n chloic go bhfeiceadh sé an raibh a dhath faoithe.
“Ní fheicim a dath faoithe”, arsa mac an Ríogh, ach fídeóg mheirgeach bhearnach”
“Tabhair damh í”, ars’ an fathach, agus chuir sé séideóg innti. “An bhfeicinn tú a dhath ag tarraingt orainn anois?” ar’ seisean.
“tCím scaoith éanach ag tarraingt orainn”, arsa mac Ríogh na hEireann.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Bríghid Ní Bhaoighill
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Mícheal Ó Baoighill
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 38
- Seoladh
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall