School: Rann na Feirsde
- Location:
- Rann na Feirste, Co. Donegal
- Teacher: Domhnall Ó Baoighill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Rann na Feirsde
- XML Page 110
- XML “Iníon Rí Chnoc an Óir”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Rinn sé réidh a shuipear do agus nuair a bhí an suipear ithte aige d’iarr sé air a ghabhail a luighe agus go n-amharcúchadh seisean fríd na leabharthaí go maidín go bhfeiceadh sé an bhfuigheadh sé tuairisc ar bith fá’n éan a raibh sé ar a lorg.
Mhuscail an fathach ar maidín é chuig a bhricfeasta agus dubhairt sé leis nach a leithid de éan ann a chuid leabhartach. Nuairm a bhí a bhricfeasta caithte aige d’iarr an fathach air a bheith leis suas go mullach cnuic a bhí comhgarach daobhtha. Fuair siad mhullach an chnuic a baint amach.
Bhí cloch mhór ann. D’iarr an fathach ar mhac an Ríogh amharc siar faoi’n chloic go bhfeiceadh sé an raibh a dhath faoithe.
“Ní fheicim a dath faoithe”, arsa mac an Ríogh, ach fídeóg mheirgeach bhearnach”
“Tabhair damh í”, ars’ an fathach, agus chuir sé séideóg innti. “An bhfeicinn tú a dhath ag tarraingt orainn anois?” ar’ seisean.
“tCím scaoith éanach ag tarraingt orainn”, arsa mac Ríogh na hEireann.(continues on next page)- Collector
- Bríghid Ní Bhaoighill
- Gender
- Female
- Address
- Rann na Feirste, Co. Donegal
- Informant
- Mícheal Ó Baoighill
- Gender
- Male
- Age
- 38
- Address
- Rann na Feirste, Co. Donegal